Irish Language Strategy Manager and Translator, Assistant Principal

Dublin
Dublin
Office of CEO
€75,822 - €94,491

Timpeallacht Oibriúcháin

Le fís fhadtéarmach straitéiseach na Seirbhíse Cúirteanna, leagtar amach an plean 10 bliana go 2030 chun seirbhísí a dhéanamh níos oiriúnaí d'úsáideoirí na cúirte, an teicneolaíocht dhigiteach á treisiú againn le cuíchóiriú a dhéanamh ar sheirbhísí agus córas cúirte nua-aimseartha a sheachadadh sa deireadh. Is am iontach é a bheith mar bhall d'fhoireann na Seirbhíse Cúirteanna agus a bheith mar chuid den aistear seo atá i gcónaí á fhorbairt agus á nuachóiriú.

An Ról & na Príomhfhreagrachtaí

Beidh an t-iarratasóir a éireoidh leis/léi ar an bhfoireann cumarsáide agus beidh sé/sí freagrach don Cheann Cumarsáide. 

Beidh an bainisteoir agus aistritheoir Gaeilge freagrach as:

  • Ábhar nua atá le foilsiú agus nuashonrúcháin ar ábhar atá ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna (courts.ie) a aistriú, lena n-áirítear treoracha cleachtais, fógraí, ábhar oideachais agus faisnéis shothuigthe eile a chuirtear ar fáil don phobal.
  • Tuarascálacha agus foilseacháin eile a aistriú.
  • Póstaeir, comharthaíocht, bileoga agus ábhar oideachais eile a aistriú.
  • Ceisteanna Gaeilge ón bpobal a aistriú agus a fhreagairt.
  • Postálacha ar leith a eisiúint ar na meáin shóisialta agus monatóireacht a dhéanamh ar rannpháirtíocht ar na meáin shóisialta & ar chainéil nuachta eile.
  • An conradh le soláthraithe teanga atá ann cheana a bhainistiú.
  • Cur chuige na Seirbhíse Cúirteanna maidir leis an nGaeilge agus na dualgais faoi Scéim na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021, a bhainistiú, idirchaidreamh á dhéanamh leis an Roinn Dlí agus Cirt agus leis an gCoimisinéir Teanga.
  • Tacaíocht teanga a thabhairt do chomhghleacaithe laistigh den tSeirbhís Chúirteanna.
  • A bheith mar ionadaí/urlabhraí na Seirbhíse Cúirteanna ar shaincheisteanna maidir leis an nGaeilge.

 

Tabhair faoi deara nach bhfuil i gceist leis an liosta thuas ach treoir agus nach liosta críochnúil ná sriantach é.

Riachtanach:

  • Cáilíocht aitheanta sa Ghaeilge nó in aistriúchán na Gaeilge. Féadfaidh iarrthóirí a bhfuil cáilíochtaí eile /taithí agus scileanna ábhartha cur istead ar an bpost.
  • Taithí fhollasach ar ábhar a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge ar leibhéal gairmiúil.
  • Scileanna scríbhneoireachta agus scileanna cumarsáide ó bhéal agus an cumas líon éagsúil ábhar ó Bhéarla go Gaeilge a dhréachtú agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu.
  • An cumas faisnéis chasta a thuiscint go tapa agus í a aistriú go Gaeilge shothuigthe.
  • Toilteanas a bheith ag obair go comhoibríoch i dtimpeallacht ina n-oibríonn foirne éagsúla le chéile.
  • Scileanna eagrúcháin, pleanála agus tosaíochta, agus an cumas oibriú faoi bhrú.
  • An cumas tionscnaíocht, breithiúnas agus cinnteoireacht mhaith a léiriú.

 

Is buntáiste é roinnt taithí i suíomh dlí ach níl sé riachtanach.

Operating Environment

The long-term strategic vision for the future of the Courts Service sets out the 10-year plan to 2030 to re-design services around court users, leveraging digital technology to streamline services and ultimately delivering a modern court system. This is an exciting time to be a member of Courts Service staff and be part of our evolving and modernising journey.

 

The Role & Key Responsibilities

The successful applicant will join our communications team and will report to the Head of Communications. 

The Irish language manager and translator will be responsible for:

  • Translating new content for publication and updates to existing content on the Courts Service website (courts.ie), including practice directions, announcements, educational material, and other user-friendly information made available to the public.
  • Translating reports and other publications.
  • Translating of posters, signage, leaflets, and other educational material.
  • Translating and responding to Irish language queries from the public.
  • Issuing certain social media posts in Irish and monitoring social media engagement & other news channels.
  • Managing the contract with existing language translation providers.
  • Managing the Courts Service Irish language approach, responsibilities under the Irish Language Scheme, the Official Languages Act 2021 Acting and liaising with the Dept of Justice and with the Irish Language Commissioner.
  • Language support to colleagues within the Courts Service
  • Acting as a representative/spokesperson of the Courts Service on Irish language issues.

 

Note, the above is intended as a guide and is neither definitive nor restrictive. 

 

Essential Requirements:

  • A recognised qualification in Irish or in Irish language translation. Candidates with other qualifications/relevant experience and skills may be considered.
  • Demonstrable experience of successfully translating written content from English to Irish at a professional level.
  • Excellent writing and verbal communication skills with the ability to draft and edit a variety of content from English to Irish.
  • Ability to quickly grasp complex information and translate into accessible Irish.
  • A willingness to work collaboratively in a cross-team environment.
  • Excellent organisational, planning and prioritisation skills, and an ability to work under pressure.
  • Demonstrable initiative, sound judgement and decision-making.

 

Some experience in a legal setting is an advantage, but not a requirement.

Applications by way of applying for the role online at courts.ie/careers with your CV and a one-page cover letter setting out how you meet the required skills and behaviours for the post.

This opportunity is closed to applications.